(32) Ba cheart toiliú a thabhairt trí ghníomh soiléir dearfach lena mbunaítear cur in iúl a thugann a t-ábhar sonraí faoi shaoirse agus atá sonrach, feasach agus gan athbhrí á rá go n-aontaíonn an t-ábhar sonraí le sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a phróiseáil, amhail trí ráiteas scríofa, lena n-áirítear trí mheán leictreonach, nó ráiteas ó bhéal.
D'fhéadfaí go n-áireofaí air sin tic a chur i mbosca nuair a thugtar cuairt ar shuíomh gréasáin idirlín, socruithe teicniúla a roghnú do sheirbhísí na sochaí faisnéise nó trí ráiteas nó iompar eile lena gcuirtear in iúl go soiléir sa chomhthéacs sin go dtoilíonn an t-ábhar sonraí leis an bpróiseáil atá beartaithe a dhéanamh ar a shonraí pearsanta nó ar a sonraí pearsanta.
Dá bhrí sin, níor cheart gurbh ionann agus toiliú iad tost, boscaí ar cuireadh tic leo roimh ré nó neamhghníomhaíocht.
Ba cheart don toiliú gach gníomhaíocht próiseála arna déanamh chun na críche céanna nó chun na gcríoch céanna a chumhdach.
I gcás ina bhfuil an iliomad críoch leis an bpróiseáil, ba cheart toiliú a thabhairt dóibh uile.
Má tá an t-ábhar sonraí le toiliú leis an bpróiseáil tar éis iarraidh trí mheán leictreonach a fháil chuige sin, ní mór don iarraidh sin a bheith soiléir achomair agus níor cheart di cur isteach barraíocht ar úsáid na seirbhíse ar ina leith a tugadh an toiliú.
- = -
(71) Ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí gan a bheith faoi réir cinneadh, a bhféadfadh beart a bheith mar chuid de, lena meastar gnéithe pearsanta a bhaineann leis nó léi agus atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin agus ag a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla maidir leis nó léi nó a mbíonn éifeacht chomhchosúil shuntasach aige air nó uirthi, amhail diúltú uathoibríoch d'iarratas ar líne i leith creidmheas a fháil nó cleachtais earcaíocht ar líne nach mbaineann aon idirghabháil le duine leo. Áirítear ar phróiseáil den sórt sin “próifíliú”, arb é atá i gceist leis foirm ar bith de phróiseáil uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta lena meastar na gnéithe pearsanta a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís nó tuar a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an ábhair sonraí ag an obair, le staid eacnamaíochta, le sláinte, le roghanna pearsanta nó le díol spéise, le hiontaofacht nó iompar an duine sin, leis an áit ina bhfuil an duine sin nó le gluaiseachtaí an duine sin, i gcás ina mbíonn éifeachtaí dlíthiúla mar thoradh air sin a bhaineann leis nó léi nó a mbíonn éifeachtaí comhchosúla suntasacha aici air nó uirthi.
Ba cheart, áfach, cinnteoireacht a cheadú atá bunaithe ar phróiseáil den sórt sin, lena n-áirítear próifíliú, nuair atá sin údaraithe go sainráite le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, lena n-áirítear chun faireachán a dhéanamh ar chalaois agus ar imghabháil cánach agus chun críocha iad a chosc, ar faireachán é a dhéantar i gcomhréir le rialacháin, caighdeáin agus moltaí institiúidí de chuid an Aontais nó comhlachtaí náisiúnta maoirseachta, agus chun go n-áirithítear sláine agus iontaofacht seirbhíse a sholáthraíonn an rialaitheoir, nó atá riachtanach maidir le conradh a dhéanamh nó a chomhlíonadh idir an t-ábhar sonraí agus rialaitheoir, nó sa chás gur thug an t-ábhar sonraí a chead sainráite nó a cead sainráite.
In aon chás, ba cheart próiseáil den sórt sin a bheith faoi réir coimircí oiriúnacha, agus ba cheart a áireamh ar choimircí den sórt sin faisnéis shonrach don ábhar sonraí agus an ceart idirghabháil ó dhuine a fháil, an ceart a dhearcadh nó a dearcadh a chur in iúl, an ceart míniú a fháil ar an gcinneadh a rinneadh i ndiaidh measúnú den sórt sin agus an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.
Níor cheart baint a bheith ag beart den sórt sin le leanbh.
- = -
(92) Tá cásanna áirithe ann ina bhféadfadh sé go mbeadh sé réasúnta agus tíosach go mbeadh an t-ábhar de mheasúnú tionchair ar chosaint sonraí níos leithne ná tionscadal amháin, i gcás, mar shampla, ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí feidhmchlár coiteann nó clár coiteann próiseála a chur ar bun nó ina bhfuil sé beartaithe ag roinnt rialaitheoirí feidhmchlár coiteann nó timpeallacht choiteann próiseála a thabhairt isteach in earnáil tionscail nó i roinn tionscail trí chéile nó le haghaidh gníomhaíocht chothrománach atá in úsáid go forleathan.
- = -
(146) Ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí aon damáiste a d'fhéadfadh duine a fhulaingt de bharr próiseáil a sháraíonn an Rialachán seo a chúiteamh.
Ba cheart an rialaitheoir nó an próiseálaí a dhíolmhú ón dliteanas má chruthaíonn sé nach bhfuil sé freagrach ar shlí ar bith as an damáiste.
Ba cheart coincheap an damáiste a léiriú go leathan i bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais ar shlí ina léireofaí go hiomlán cuspóirí an Rialacháin seo.
Tá sé sin gan dochar d'éilimh maidir le damáiste a thagann as sárú na rialacha eile atá ann i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit. Áirítear freisin ar phróiseáil a sháraíonn an Rialachán seo próiseáil a sháraíonn na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí Ballstáit lena sonraítear rialacha an Rialacháin seo.
Ba cheart do na hábhair sonraí cúiteamh iomlán agus éifeachtach a fháil as an damáiste a d'fhulaing siad.
I gcás ina bhfuil rialaitheoirí nó próiseálaithe páirteach sa phróiseáil céanna, ba cheart gach rialaitheoir nó gach próiseálaí a chur faoi dhliteanas i leith iomlán an damáiste.
Mar sin féin, i gcás ina bhfuil siad uamtha leis na himeachtaí breithiúnacha céanna, i gcomhréir le dlí Ballstáit, féadfar cúiteamh a chionroinnt de réir fhreagracht gach rialaitheora nó fhreagracht gach próiseálaí maidir leis an damáiste a rinneadh mar thoradh ar an bpróiseáil, ar choinníoll go n-áirithítear cúiteamh iomlán agus éifeachtach don ábhar sonraí a d'fhulaing an damáiste.
Féadfaidh aon rialaitheoir nó próiseálaí a d'íoc cúiteamh iomlán imeachtaí iontaofa a thionscnamh ina dhiaidh sin i gcoinne rialaitheoirí nó próiseálaithe eile atá páirteach sa phróiseáil chéanna.
- = -